Josef Stefan
Fisiceoir a rugadh i Sveti Peter na hOstaire (Celovec inniu) ab ea Josef Stefan (24 March 1835 – 7 Eanáir 1893). Tá cáil air as a thaighde ar radaíocht teasa, a thosaigh sa bhliain 1879.
Ainm sa teanga dhúchais | (de) Joseph Stefan |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 24 Márta 1835 Sentpeter |
Bás | 7 Eanáir 1893 57 bliana d'aois Vín |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Vín |
Comhairleoir dochtúireachta | Andreas von Ettingshausen |
Áit chónaithe | an Ostair |
Teanga dhúchais | an tSlóivéinis |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Fisic |
Gairm | matamaiticeoir, acadóir, scríbhneoir, file, fisiceoir, ollamh |
Fostóir | Ollscoil Vín |
Ball de | |
Mac/iníon léinn de chuid | Karel Robida |
Mac/iníon léinn | Leopold Gegenbauer agus Sigmund Freud |
Teangacha | An tSlóivéinis |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Mac léinn dochtúireachta | Johann Josef Loschmidt, Marian Smoluchowski agus Ludwig Boltzmann |
Gradam a fuarthas
|
Saothar
cuir in eagarRinne Stefan amach dlí Stefan, no an Dlí Stefan-Boltzmann, ar bhonn turgnamhach le cur síos ar astú teasa ó dhromchla te. Astaítear teas i bhfoirm radaíochta infridheirge thar raon tonnfhad. Agus ábhar á théamh, astaíonn a dhromchla solas infheicthe chomh maith le radaíocht infridhearg.
De réir mar a ardaíonn teocht an dromchla, is amhlaidh a mhéadaíonn an chumhacht iomlán a radaítear ón dromchla te. Ag tosú leis an dlí seo, d'éirigh leis an chéad mheastachán maith a dhéanamh ar theocht dhromchlach na Gréine.
Lean fisiceoirí eile ag iarraidh bonn teoiriciúil a chur faoi dhlí Stefan, agus tháinig an saothar seo chun buaice le céim an-suntasach chun cinn sa bhfisic i dteoiric chandamach a chéadshaothraigh Max Planck i 1905.[1]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Josef Stefan". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 625.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |