Pápa Beinidict XVI
Is é ceannaire na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí é an Pápa Beinidict XVI. Rugadh faoin ainm Joseph Alois Ratzinger ar an 16 Aibreán 1927 in Marktl am Inn na Gearmáine é. Is é an 265ú pápa é. Foilsíodh a chéad imlitir DEUS CARITAS EST i Mí Eanáir 2006.
Cheap an Pápa Pól VI ina chairdinéal i 1977 é. Nuair a fuair an Pápa Eoin Pól II bás ar an 2 Aibreán 2005 toghadh Ratzinger ina Phápa sa chomhthionól cairdinéal ar an 19 Aibreán 2005. Cuireadh in Aifreann Insealbhaithe Pápaigh ar an 24 Aibreán 2005 i seilbh é. Ar 7 Iúil 2007, d'fhógair sé sa Mhoto Proprio Summorum Pontificum go raibh ceadúnas leathan do chléir Chaitiliceach an Aifreann Laidineach a léamh. I bhFeabhra na bliana 2013 d'fhógair sé go raibh sé le héirí as an bpápacht, an chéad phápa le déanamh amhlaidh le 600 bliain.