Sármhaitheas theicniúil
Tá EURid ag déanamh iarrachtaí leanúnacha chun cáilíocht ár gcuid seirbhísí dár gcustaiméirí agus dár n-úsáideoirí deiridh a fheabhsú trí shármhaitheas theicniúil a chur ar fáil.
Seo cuid de na seirbhísí a chuirimid ar fáil.
Seirbhísí Cuardaigh
Féadfaidh tú an fhaisnéis ar ainm fearainn .eu, .ею (script Choireallach) agus .ευ (script Ghréagach) a chuardach nó seiceáil an bhfuil sé ar fáil le haghaidh clárúcháin trí úsáid a bhaint as an áis chuardaigh WHOIS.
Más mian leat teagmháil a dhéanamh le sealbhóir ainm fearainn ar leith, is féidir leat amharc ar a sonraí teagmhála ón WHOIS gréasánbhunaithe.
Más cuideachta nó eagraíocht an sealbhóir, feicfidh tú ainm na cuideachta/na heagraíochta, an chathair, an tír, an seoladh ríomhphoist, agus an teanga thosaíochta atá acu i gcomhair comhfhreagrais.
Más duine príobháideach an sealbhóir, ní fheicfidh tú ach a sheoladh/seoladh ríomhphoist agus an teanga thosaíochta i gcomhair comhfhreagrais. Tá na sonraí pearsanta eile ar fad folaithe ar chúiseanna príobháideachta.
Chun tuilleadh eolais a fháil, seiceáil ár mbeartas WHOIS.
Má chreideann tú go bhfuil cúis agat chun sonraí teagmhála breise a fháil seachas na cinn a chuirtear ar fáil tríd an WHOIS gréasánbhunaithe, comhlánaigh an fhoirm iarratais agus seol ar ríomhphost í chuig [email protected]. Ní mór go míneofaí i d’iarratas an chúis a dteastaíonn sonraí teagmhála an tsealbhóra uait agus an chaoi a bhfuil sé ar intinn agat iad a úsáid.
Déantar nochtadh sonraí pearsanta a bhainistiú ar bhonn an Bheartais Príobháideachta.
IPv6
Soláthraíonn EURid réiteach ar ainmneacha fearainn trí sheoltaí IPv4 agus IPv6.
Riamh anall, bhí sealbhóirí ainmneacha fearainn in ann seoltaí Ipv6 a úsáid dá bhfreastalaithe ainmneacha tiomanta, ó tharla go raibh freastalaithe ainmneacha a raibh acmhainn Ipv6 acu ag córais chlárúcháin EURid ó seoladh .eu in 2006.
Má tá tú nasctha leis an Idirlíon trí Ipv6, sroichfidh tú www.eurid.eu go huathoibríoch ar ár seoladh IPv6.
Freastalaithe ainmneacha
Déantar ainmneacha fearainn atá cláraithe a stóráil ar 2 fhreastalaí ainmneacha aonchraolta, atá lonnaithe san Eoraip, agus ar 3 mhogalra Anycast, atá lonnaithe ar fud an domhain (féach an tábla thíos). Déantar freastalaithe ainmneacha EURid a nuashonrú go dinimiciúil. Ciallaíonn sé sin nuair a chláraíonn tú ainm fearainn go ndéantar é a ghníomhachtú ar an toirt nach mór. Bíonn feidhm ag aon athruithe a dhéantar ar ainmneacha fearainn reatha ar an toirt chomh maith.
FQDN |
Cineál |
Suíomh |
Seoladh IP |
nl.dns.eu |
Unicast |
An Ísiltír |
149.38.1.26 |
si.dns.eu |
Unicast |
An tSlóivéin |
193.2.221.60 |
x.dns.eu |
Anycast |
n/a |
185.151.141.1 |
y.dns.eu |
Anycast |
n/a |
194.146.106.90 |
w.dns.eu | Anycast | n/a |
2001:678:20::28
|
Freastalaí Ainmneacha YADIFA
Is é YADIFA an feidhmiú maidir le freastalaí ainmneacha foinse oscailte atá ag EURid féin. D’fhorbraíomar YADIFA chun stóinseacht bhonneagar freastalaí ainmneacha .eu a mhéadú trí rogha mhalartach chobhsaí a chur leis an bhfeidhmiú eile maidir le freastalaithe ainmneacha a bhí in úsáid againn.
Scríobhadh YADIFA as an nua. Ciallaíonn sé sin nach bhfágtar é le haon cheann de na laigí a d'fhéadfadh a bheith i mbogearraí a bhí ann cheana féin. Tacaíonn sé le gach ceann de na prótacail reatha, lena n-áirítear DNSSEC le NSEC agus NSEC3. Tá sé oiriúnach le RFC.
Agus díreach cosúil le feidhmiú eile, tá YADIFA inrite ar chórais il-oibriúcháin lena n-áirítear Linux, FreeBSD, OpenBSD agus Solaris.
Le haghaidh breis faisnéise faoi YADIFA agus faoin gcód foinse, téigh chuig yadifa.eu.