Maidir linne
Tá sé mar fhís againn tacú leis an Margadh Eorpach Aonair Digiteach agus chun é sin a dhéanamh oibriú go gníomhach chun timpeallacht iontaofa .eu a chinntiú agus chun ilteangachas ar líne a chumasú.
Tuigimid gur bloc tógála bunúsach dár ngnó an tslándáil. Dá réir sin, tá EURid deimhnithe do chaighdeán slándála ISO 27001 ó 2013 i leith, feidhmíonn sé prótacail slándála an tionscail, agus oibríonn sé go dlúth le húdaráis forfheidhmithe an dlí. Ina theannta sin, rinneamar forbairt ar APEWS (Córas Réamhrabhaidh um Mí-úsáid a Chosc) chun leibhéal cáilíochta agus sábháilteachta níos fearr a chur ar fáil dár n-ainmneacha fearainn.
Táimid tiomanta freisin oibriú ar bhealach inbhuanaithe, rud a chiallaíonn go rabhamar ar an gcéad chlárlann TLD Eorpach a bhain amach an clárúchán do Scéim an Chomhphobail um Éiceabhainistíocht agus Éiciniúchóireacht (EMAS)
Féach ar ár n-amlíne stairiúil chun tuilleadh eolais a fháil faoinár dtús corraitheach agus faoinár bhforbairt dhinimiciúil. Tá roinnt samplaí sármhaithe inár mbailiúchán de scéalta rathúla, ina gcuirtear síos ar an mbealach a bhfuil daoine agus cuideachtaí ag fáil buntáistí as úsáid a bhaint as .eu nó a chuid athróg i scripteanna eile mar aitheantas dóibh féin ar líne.
Foireann
Táimid rathúil a bhuíochas don fhoireann ilchultúrtha agus ilteangach atá ag obair dár bpáirtithe leasmhara go léir. Táimid aontaithe inár dtiomantas don cháilíocht agus don mhisean atá againn spás iontaofa ar líne a chruthú do mhuintir na hEorpa go léir.
Tá ár gceanncheathrú in Diegem, an Bheilg, agus tá oifigí réigiúnacha againn in Pisa, Prág agus Stócólm.
Más duine eolach, tuisceanach agus cruthaitheach thú, a bhfuil díograis léirithe agat maidir leis an domhan digiteach a fheabhsú, féach ar na folúntais thíos agus téigh lenár bhfoireann.
Liost de na poist atá oscailte.
Duaiseanna
CENTR
An Clár Margaíochta is Fearr 2013 - dár gClár Cómhaoinithe
CENTR
Clárlann na Bliana 2017, a cinneadh le vóta Cláraitheoirí
CENTR
Clárlann na Bliana 2019, a cinneadh le vóta Cláraitheoirí
eco://awards
San “ainm Fearainn” catagóir – dár n-iarratas APEWS