Próiseas creidiúnaithe i 5 chéim
Mar chláraitheoir creidiúnaithe ní mór duit rialacha an Comhaontú Cláraitheora Creidiúnaithe de chuid EURid a chomhlíonadh agus na critéir chreidiúnaithe a shásamh, mar sin léigh an Comhaontú Cláraitheora Creidiúnaithe sula gcuireann tú isteach.
Má shásainn tú na critéir chreidiúnaithe agus má tá suim agat a bheith creidiúnaithe, seol ríomhphost chugainn, le do thoil, ina mbeidh ainm do chuideachta, uinhir chláraithe do chudeachta/uimhir aitheantais CBL agus an seoladh [email protected].
I ndiaidh measúnú tosaigh, seolfaidh EURid nasc chuig an bhfoirm iarratais chugat. Comhlánaigh an fhoirm ar líne agus glac le Téarmaí an Chomhaontaithe Cláraitheora Creidiúnaithe.
Déanfaidh EURid athbhreithniú ar d’iarratas agus cuirfidh siad tuilleadh eolais ar fáil duit maidir leis an bhfianaise dhoiciméadach a theastaíonn chun du lar aghaidh leis an bpróiseas creidiúnaithe.
Nuair a bheidh d’iarratas ceadaithe ag EURid, cuirfimid tús leis an gComhaontú. Sula dtosaíonn tú ag clárú agus ag bainistiú ainmneacha fearainn, éilímid ort a reámhíocaíocht de 2,500 Euro a dhéanamh. Nuair a bheidh an íocaíocht déanta, measfar go bhfuil do chomhaontú sínithe.
An bhfuil tú i do chláraitheoir cheana féin?
Logáil isteach chuig eislíon an chláraitheora chun rochtain a fháil ar gach uirlis mhargaíochta, nuacht agus doiciméid dár bpobal cláraitheoirí.