European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4411

8.7.2024

MOLADH ÓN M BANC CEANNAIS EORPACH

an 2 Iúil 2024

do Chomhairle an Aontais Eorpaigh maider le hiniúchóirí seachtracha Central Bank of Cyprus

(BCE/2024/16)

(C/2024/4411)

TÁ COMHLAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Reacht Chóras Eorpach na mBanc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 27.1 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Déanann iniúchóirí seachtracha neamhspleácha atá molta ag Comhairle Rialaithe BCE agus arna bhformheas ag Comhairle an Aontais Eorpaigh iniúchadh ar chuntais an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) agus ar chuntais bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

(2)

Tháinig deireadh le sainordú iniúchóirí seachtracha Central Bank of Cyprus, PricewaterhouseCoopers Limited, tar éis an iniúchta don bhliain airgeadais 2022. Dá bhrí sin, is gá iniúchóirí seachtracha a cheapadh don bhliain airgeadais 2023.

(3)

Tá Baker Tilly Klitou agus Partners Limited roghnaithe ag Central Bank of Cyprus mar iniúchóirí seachtracha air do na blianta airgeadais 2023 go 2027,

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

Moltar go gceapfaí Baker Tilly Klitou and Partners Limited mar iniúchóirí seachtracha ar Central Bank of Cyprus do na blianta airgeadais 2023 go dtí 2027.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 2 Iúil 2024.

Uachtarán BCE

Christine LAGARDE


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4411/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)